GAA: Founding a Movement

CLG: Gluaiseacht á cur ar bun | GAA Podchraoladh

55 min · 16. mar. 2026
episode CLG: Gluaiseacht á cur ar bun | GAA Podchraoladh cover

Description

Podchraoladh nua CLG ina acmhainn thráthúil do dhaltaí Ardteiste agus do lucht staire araon Seoladh podchraoladh nua a dhíríonn ar bhlianta corracha tosaigh Chumann Lúthchleas Gael. Díríonn CLG: Gluaiseacht á cur ar bun ar an tréimhse idir 1884 agus 1891 agus tá sé á chur ar fáil mar phodchraoladh uair an chloig i mBéarla agus i nGaeilge. Déanann staraithe agus múinteoirí aitheanta plé ar an gcúlra sóisialta agus polaitiúil a bhain le bunú Chumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884. Pléitear an bhéim a bhí ar lúthchleasaíocht agus pléitear na fórsaí agus na daoine siúd a mhúnlaigh an Cumann le linn na mblianta tosaigh, blianta a bhí dúshlánach agus casta. Luaitear coimhlintí cumhachta agus easaontais inmheánacha a thit amach ag am a bhí an Cumann ag iarraidh a áit a dhaingniú i saol na hÉireann. Comhpháirtíocht atá sa phodchraoladh seo idir Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach, Coiste Staire CLG agus Rannóg Cumarsáide CLG.  Acmhainn thráthúil atá ann dar ndóigh nuair a thugtar san áireamh go bhfuil an tréimhse seo mar chás-staidéar éigeantach ar churaclam staire na hArdteistiméireachta do 2026 agus 2027. Beidh acmhainní agus ceardlanna breise ar fáil mar chuid den phodchraoladh seo, freisin, a chabhróidh le múinteoirí agus le daltaí.

Comments

0

Be the first to comment

Sign up now and become a member of the GAA: Founding a Movement community!

Get Started

2 months for 19 kr.

Then 99 kr. / month · Cancel anytime.

  • Podcasts kun på Podimo
  • 20 lydbogstimer pr. måned
  • Gratis podcasts

All episodes

2 episodes

episode CLG: Gluaiseacht á cur ar bun | GAA Podchraoladh artwork

CLG: Gluaiseacht á cur ar bun | GAA Podchraoladh

Podchraoladh nua CLG ina acmhainn thráthúil do dhaltaí Ardteiste agus do lucht staire araon Seoladh podchraoladh nua a dhíríonn ar bhlianta corracha tosaigh Chumann Lúthchleas Gael. Díríonn CLG: Gluaiseacht á cur ar bun ar an tréimhse idir 1884 agus 1891 agus tá sé á chur ar fáil mar phodchraoladh uair an chloig i mBéarla agus i nGaeilge. Déanann staraithe agus múinteoirí aitheanta plé ar an gcúlra sóisialta agus polaitiúil a bhain le bunú Chumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884. Pléitear an bhéim a bhí ar lúthchleasaíocht agus pléitear na fórsaí agus na daoine siúd a mhúnlaigh an Cumann le linn na mblianta tosaigh, blianta a bhí dúshlánach agus casta. Luaitear coimhlintí cumhachta agus easaontais inmheánacha a thit amach ag am a bhí an Cumann ag iarraidh a áit a dhaingniú i saol na hÉireann. Comhpháirtíocht atá sa phodchraoladh seo idir Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach, Coiste Staire CLG agus Rannóg Cumarsáide CLG.  Acmhainn thráthúil atá ann dar ndóigh nuair a thugtar san áireamh go bhfuil an tréimhse seo mar chás-staidéar éigeantach ar churaclam staire na hArdteistiméireachta do 2026 agus 2027. Beidh acmhainní agus ceardlanna breise ar fáil mar chuid den phodchraoladh seo, freisin, a chabhróidh le múinteoirí agus le daltaí.

16. mar. 202655 min