Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
Tá muid ar bís le bheith ar ais le heagrán eile de Ghlórtha Chiotacha le triúr aoichainteoir speisialta agus ábhar cainte thar a bheith tráthúil faoi láthair. Sí an Ghaeilge agus Éire Aontaithe í téama na cainte seo, ag díriú isteach ar na deiseanna atá bainte le hathaontú na tíre don Ghaeilge, cén dóigh chun an sprioc seo a bhaint amach, na dúshláin atá romhainn agus neart eile. Labhair Róisín Nic Liam, an Gníomhaí, Deargóir, Corcaíoch agus Iníon léinn PhD, agus Ciarán Mac Giolla Bhein, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Feirsteach agus Comhordaitheoir Pleanála teanga d’iarthar Bhéal Feirste le Fís an Phobail, le Bean an Tí Brónagh Fusco, an Feirsteach, Deargóir agus gníomhaí pobail a oibríonn le Conradh na Gaeilge. Tharla an chaint seo in mí Eanáir 2026 mar chuid de Scoil Gheimhridh Uí Chadhain, clár oideachas polaitiúil de chuid Ghlór na Móna ag cíorú ceist an athaontaithe ón bhun aníos. Bainigí sult!
22 afleveringen
Reacties
0Wees de eerste die een reactie plaatst
Meld je nu aan en word lid van de Glórtha Ciotacha | Awkward Voices community!