Nuacht a hAon
An barr is deireanaí nuachta.
Wees de eerste die een reactie plaatst
Meld je nu aan en word lid van de Nuacht a hAon community!
Daarna € 9,99 / maand · Elk moment opzegbaar.
100 afleveringen
Nuacht an lae: Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Conn Ó Muineacháin Nuacht an Tuaiscirt Caoimhe Ni Chonchoille.
Nuacht a'1 Déardaoin 30ú Aibreán 2026.
Pa Daly TD : Urlabhraí fuinnimh Shinn Féin.
Tá an TD Daly ag iarraidh ar an rialtas cáinaisnéis éigeandála a thabhairt isteach le teacht i gcabhair ar an bpobal le dul i ngleic leis an ardú as cuimse atá ar chostas an bhreosla.
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
Bhí sé ina shárú sa Dáil ar maidin idir an freasúra agus an rialtas faoin méid atá dá dhéanamh ag an rialtas le teacht i gcabhair ar chosmhuintir na tíre atá ag fulaingt de bharr an chostais mhór fuinnimh.
Póilín Ní Chiaráin : Comhfhreagraí RnaG i mBéal Feirste.
Ó mhaidin inniu i mBéal Feiriste tá cróineara ag tabhairt a bhreithiúnas ar iniúchadh a bhaineann leis an lamhach mharfach a rinne arm na Breataine ar chúigear in iarthar na cathrach i 1972. Riamh ina dhiadh tugadh ‘Sléacht Chnoc na Foinse agus na Carraige Thiar’ ar an eachtra.
Reacties
0Wees de eerste die een reactie plaatst
Meld je nu aan en word lid van de Nuacht a hAon community!