Nuacht a hAon
An barr is deireanaí nuachta.
Vær den første til å kommentere
Registrer deg nå og bli medlem av Nuacht a hAon sitt community!
99 kr / Måned etter prøveperioden. · Avslutt når som helst.
100 Episoder
Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Aoife Ní Shúilleabháin Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain.
Angus Lambkin : Oibrí daonchairdis Idirnáisiúnt.
Áirítear gur maraíodh na mílte duine agus gur gortaíodh na mílte eile ach ar scrios dhá chrith talún móra, i dtuaisceart Veiniséala i Meiriceá Theas tráthnóna Dé Céadaoin. Cén chaoi a dtabharfar faoin obair fhóirthinte?
Nuacht a hAon Dé hAoine 26ú Meitheamh 2026.
John Boyle : Ard Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann.
Léiríonn staidéar atá déanta ag an Roinn Oideachais go mbeidh titim ar rollaí na ndaltaí i scoileanna náisiúnta na tíre don scoilbhliain nua. Anuraidh bhí titim 6,700 ar líon na ndaltaí. Tá imní ar Chumann na Múinteoirí go gcuirfidh an titim suas le 400 postanna i mbaol.
Ferdia McCann : Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach le Met Éireann.
Tá stádas buí stoirmeachaí toirní fógraithe go chuile chontae i gCúige Chonnacht inniu agus deich gcontae eile. Ta Met Éireann ag tuar go bhféadfadh fuarlaigh a bheith in áiteacha agus go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do sheirbhísí cumachta, uisce, gáis agus teileachumarsáide.
Kommentarer
0Vær den første til å kommentere
Registrer deg nå og bli medlem av Nuacht a hAon sitt community!