Nuacht a hAon
Aréir, den dara oíche as a chéile bhí círéibeacha in áiteanna éagsúla ar fud na 6 Chontae, áit ar gortaíodh 12 póilíní agus gabhadh sé dhuine dhéag.
Sei die erste Person, die kommentiert
Melde dich jetzt an und werde Teil der Nuacht a hAon-Community!
Dann 4,99 € / Monat · Jederzeit kündbar.
100 Folgen
Nuacht a'1 Dé hAoine 12ú Meitheamh 2026.
An barr is deireanaí nuachta.
Cathal Ó Cuaig : Tráchtaire ar ghnóthaí na Spáinne.
Inniu tá an Pápa Leon XIV ag tabhairt a chuairt seachtaine chun na Spáinne chun críche sna h-oileáin Chanáracha, áit a dtarraingeoidh sé aird ar riocht na n-inimirceach as an Aifric a théann i mbaol a mbáite le ceann cúrsa a bhaint amach san Aontas Eorpach.
Hugh Hogan : Abhcóide.
Inniu a thagann an Comhaontú Tearmainn agus Imirce i bhfeidhm, iarracht ag an Aontas Eorpach caighdeánú a dhéanamh ar an gcóras faoi’na ndéantar próiseáil ar dhaoine atá ag lorg tearmainn san Aontas.
Seán Ó Cadhain : Tráchtaire ar Pholaitíocht na Breataine.
Inné sa mBreatain, baineadh croitheadh eile as rialtas Keir Starmer nuair a d’fhógair John Healey, an Rúnaí Cosanta go raibh sé ag éirigh as a phost mar nach raibh dóthain maoiniú dá thabhairt do na fórsaí cosanta.
Niall Ó Muilleoir : Tráchtaire agus ainilísí ar pholaitíocht na Stáit Aontaithe.
Tá an Iaráin ag déanamh a gcuid críonnachta ar an socrú atá tairgthe ag Uachtarán na Stáit Aontaithe Donald Trump le deireadh a chur leis an gcogadh sa Murascaill. Maíonn Trump go bhfuil an réamh obair ar fad déanta agus go bhféadfaí an conradh a shíniú as seo go ceann cúpla lá.
Kommentare
0Sei die erste Person, die kommentiert
Melde dich jetzt an und werde Teil der Nuacht a hAon-Community!