Podcast von RTÉ Raidió na Gaeltachta
Irisch
Kostenlos bei Podimo
Starte jetzt und verbinde dich mit deinen Lieblingspodcaster*innen
Mehr Nuacht a hAon
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.
100 Folgen
Conor D. McGuinness : TD Sinn Féin do Phort Láirge.
Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an rialtas cúnamh práinneach a chur ar fáil do na daoine atá buailte de bharr na tine a bhí i seanmhonarcha Jute in ionad tionsclaíochta an Tígh Choirr i bPort Láirge ag an deireadh seachtaine. Meastar go bhfuil suas le 300 post i mbaol.
Tom Ó Ceallaigh : Tráchtaire ar pholaitíocht na Breataine.
Tá sé ráite ag Príomh Aire na Breataine Keir Starmer go nglacann sé féin freagracht as an droch bhail a cuireadh ar pháirtí an Lucht Oibre i dtoghcháin na seachtaine seo caite, ach mhóidigh sé go ndéanfadh sé níos fearr sna laethanta amach romhainn.
Cathal Seoighe : Ollamh le bith-fháisnéis in Ollscoil na Gaillimhe.
Tá an bheirt Éireannach a bhí ar long an Hondius a raibh ráig den Hantavíreas uirthi sa mbaile ó thráthnóna inné. Deir an Príomhoifigeach Leighis eatramhach nach bhfuil aon ghaol ag an bhíreas leis an Covid ná leis an fliú agus ní pandéim atá ann.
Nuacht an lae: Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Conall Ó Cíobháin.
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitiúil RnaG.
Tá treoir tugtha ag an Aire Caiteachais Poiblí Jack Chambers dá chomhghleacaithe rialtais go gcaithfidh siad srian a chur ar a gcuid caiteachais roinne i mbliana. Tá seo amhlaidh a dúirt an tAire Chambers mar gheall ar an ró chaiteachas suas le €700m atá sa Roinn Oideachais.